Imeacht seo chugainn ...
Ciorcal Comhrá i nDroichead Nua |
|
Cathain? | Céadaoin, 21ú, Meitheamh 2023 ag 13:00 |
Láthair cruinnithe? | Caife, Riverbank, Droichead Nua Anseo |
Breis Eolais | Beidh comhrá is caife nó a leithéid againn. Beímid ann ar feadh uair an chloig nó mar sin. Beidh fáilte roimh éinne a bhfuil suim acu Gaeilge a labhairt. |
Eolas Fúinn
Is dream muid a bhfuil fonn orainn deiseanna a cur ar fáil chun Gaeilge a labhairt le chéile. Táimid gníomhach mórthimpeall ar an gCurrach, Contae Chill Dara.
Fáilte
Tá fáilte roimh éinne a bhfuil suim acu in ár gcuid imeachtaí. Ní gá caighdeán ard Gaeilge labhartha a bheith agat. Níl ag teastáil ach a bheith tuilteannach iarracht a dhéanamh Gaeilge a labhairt.
Is de réir a chéile a thógtar na Caisleáin.
Imeachtaí Rialta
Ciorcail Cainnte
Buailimd le chéile ag 13:00 gach Luan i gCearnóg an Mhargaidh, Cill Dara. Téimid go caife áitiúil agus bímid ann ar feadh uair an chloig nó mar sin.
Buailimd le chéile ag 13:00 gach Céadaoin sa siopa caife, Riverbank, Droichead Nua.
Le linn Seachtain na Gaeilge bhíomar ag dul go dtí An Leabarlann i nDroichead Nua.
Buailimid le chéile san 'River Cafe' i gCill Chuilinn ag 10:00 ar an Satharn deirnach de gach mí.
Preab Ghaeltacht
Bíonn cruinniú againn i dteach tábhairne Uí Choimín (Cummins') i nDroichead Nua thart ar 21:00 ar an gcéad Déardaoin de gach míosa seachas mí Feabhra.
I rith mí Feabhra beidh preab Gaeltacht eagraithe againn i mbaile Chill Dara chun Féile na Brídeoige a cheiliúradh. Sonraí níos déanaí.
Imeachtaí a bhí againn cheana ..
Seo sampla de na himeachtaí a bhí againn le déanaí.
Imeacht | Siúlóid Stairiúil - Cill Dara sna meán aoiseanna |
Dáta | Satharn, 4ú, Márta, 2023 |
Tuairisc | |
Bhuaileamar le chéile ag Geata na hArd Eaglaise i gCearnóg an Mhargaidh, Cill Dara ag dó a chlog. Siúileamar thart ar shé suíomh stairiúil ag baint leis an gcathair a bhí san ait sna mean aoiseanna. Bhí cúig dhuine dhéag againn idir fir is mná. Bhí idir cainteoirí dúchais, daoine atá líofa go leor agus daoine nach bhfuil mórán muiníne acu as a gcuid Gaeilge i láthair. Bhaineamar an-taitneamh as an siúlóid stairiúil. |
Imeacht | Cártaí le Gaeilge |
Dáta | Céadaoin, 29ú, Márta, 2023 |
Am | 21:15 |
Láthair | Tigh Dualaing, Baile Sonnáin |
Tuairisc | |
Tháinig seisear idir fir is mná go dtí an imeacht seo. D'imir muid an cluiche cártí fiche cúig ar feadh cúpla uaire. Bhí cártaí Gaeilge in úsáid againn. Bhaineamar an-sult as an imeacht. Beimid ag smaoineamh ar an imeacht seo a chur ar aighaidh go rialta. |
Maidir le fianáin: níl fianán dá laghaid seachas fianán seisiún in úsáid ar an suíomh seo. Beidh an seoladh idirlín (ip) breacaithe i gcomhaid loga an freastalaí idirlín ach seachas sin ní bheidh aon eolas pearsanta breacaithe ag an suíomh seo.
Úsdátú 2023-06-21 12:40:53 IST© Glór an Churraigh 2023.